ESA title
'This is ESA' in Irish - satellites
Agency

Leabhrán eolais nua ESA ag cur Gaeilge chun cinn

15/03/2021 7419 views 19 likes
ESA / Space in Member States / Ireland

Seoladh leabhrán ildaite nua as Gaeilge inniu, a thugann turas trí éachtanna spáis na hEorpa don léitheoir. Foilsíodh an leagan Gaeilge de ‘This is ESA’ in am do cheiliúradh na Féile Pádraig ar an 17ú Márta, an tráth a thugann an domhan aird ar oidhreacht na hÉireann.

Síltear go dtabharfaidh an t-aistriúchán Gaeilge deis do mhúinteoirí an cosmas a thabhairt isteach sa seomra ranga.   

Chomh maith le sin, is deis é chun daoine a mhealladh chun spáis trí mheán an ghaisce atá déanta ag Éirinn i gcláracha oibre ESA. Ina measc siúd tá roinnt comhlachtaí bainteach le spás a úsáideann Gaeilge go laethúil, agus líon na gcomhlachtaí sin ag dul i méid. 

'This is ESA' in Irish - space debris
'This is ESA' in Irish - space debris

Cruthaíodh an t-aistriúchán trí chomhoibriú idir ESA agus Enterprise Ireland, an ghníomhaireacht rialtais a stiúrann obair na tíre sa spás.

Is í an Ghaeilge príomhteanga na hÉireann. Foghlaimíonn an chuid is mó de dhaltaí bunscoile agus meánscoile í. Craoltar go náisiúnta sa teanga ar stáisiúin raidió agus teilifíse faoi leith.

Cé nach bhfuil an teanga chomh forleathan agus a bhíodh, úsáidtear í gach lá, sa Ghaeltacht ach go háirithe.

Tá suim idirnáisiúnta sa teanga chomh maith; i mí Márta cuirtear béim faoi leith ar an teanga le linn na féile idirnáisiúnta Seachtain na Gaeilge. Labhraítear Gaeilge ó thús mí Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig ar an 17ú, lá beannaithe an éarlaimh agus lá saoire náisiúnta ar a ndéantar ceiliúradh den chultúr i gcoitinne.

Tá an leabhrán nua á roinnt le linn Seachtain na Gaeilge, mar áis nua leis an teanga a chur chun cinn, agus chun comhlachtaí Éireannacha sa spás a nochtadh. 

Tá comhlacht amháin ina measc siúd ag cruthadh teicneolaíochta nua a chabhróidh lenár dtuiscint ar an atmaisféar. Bhuaigh ÉireComposites, atá lonnaithe i nGaeltacht Conamara conradh ó ESA le deireanas.

Ireland from the International Space Station
Ireland from the International Space Station

I gcomhoibriú le OIP Space Instruments na Beilge, tá EireComposites ag forbairt bunábhar sofaisticiúla a chuirfidh cosc ar ‘stray light’- solas nár choir dó titim ar ionstraim na satailíte Altius. Cabhróidh obair ÉireComposites leis an spásárthach líon an ózóin san atmaisféar a thomhas go cruinn.

Dúirt príomhfheidhmeannach ÉireComposites Tomás Flanagan: “Is foinse mór bród dúinn in ÉireComposites a bheith lonnaithe i gcroí lár Gaeltacht Conamara. Ní amháin go bhfuil muid buailte le Slí an Atlantaigh Fhiáinagus na radharca álainn a thagainn leis, tá guth agus glór ár dteanga dúchais le braith againn gach lá.

 “Glacann muid go croí an Ghaeilge, agus tá an teanga lárnach i ritheacht laethúil an comhlacht agus muid ag forbairt teicneolaíocht nua-aimsire le haghaidh misin ríthábhachtach ESA ar nós an satailít Altius.”

Ba mhaith le ESA agus Enterprise Ireland an deis a thapú le beannachtaí na Féile Pádraig a ghuí ar ghach duine i mBallstáit ESA – Lá Fhéile Pádraig sona daoibh.